Chuaigh páistí Rang 6 faoi lámh an easpaig ar an 16 Márta. Bhí an-lá go deo acu. Bhí go leor oibre déanta acu roimh ré do Shearmanas an tSolais. Rinne gach páiste sa rang tionscnamh bunaithe ar chatharnacht agus scríobh siad píosa faoi dhuine a thugann ionsparáid dóibh. Roghnaigh cuid acu daoine cáiliúla cosúil le Stephen Hawkings agus roghnaigh páistí eile duine óna gclann féin. Rinne na páistí taighde ar Martin Luther King agus an fís a bhí aige, scríobh gach páiste sa rang an fhís atá acu don todhchaí. Rinne na páistí ealaín don lá agus úsáideadh na coilm sa séipéal don chóineartú. D’oibrigh na páistí go díograiseach is iad ag ullmhú don searmanas agus don choineartú. Molaim an obair a rinne siad!