Tháinig bean ón RSA isteach chun sábháilteacht ar na bóithre a phlé le gach páiste sa scoil. Bhí físeán an-suimiúl aici inár iarr sí ar na páistí méid uair a caitheadh liathróid sa físeán a chomhaireamh. Tar éis dúinn é sin a dhéanamh thaispeáin sí an físeán arís agus bhí goraille le feiceáil ar an scáileán, rud nach raibh feicthe ag éinne. Bhí sí ag míniú dúinn nach bhfeictear gach rud is muid ar na boithre agus gur gá do na páistí, is iad ag rothaíocht nó ag siúl, cuimhneamh ar sin. Bhí teachtaireacht an-láidir aici agus bhain na páistí an-sult as a bheith ag éisteacht léi.