Bhí beirt dragain i láthair i Rang 6 le déanaí. Tháinig Kilian Colleran agus Iníon Ní Neachtain isteach le moltóireacht a dhéanamh ar na comhlachtaí a bhí bunaithe ag Rang 6.

Chuir na grúpaí ar fad taispeántas i láthair do na dragain agus ag an deireadh bhí an bua ag an gcomhlacht ‘Saeilge agus insigne.

Is é atá i gceist le ‘Saeilge’ ná hataí snámha le Gaeilge orthu. Beidh siad ar díol sa scoil go dtí deireadh na bliana.

Is é atá i gceist le ‘insigne’ ná cnaipe beaga le roinnt nathanna Gaeilge orthu.

D’fhoghlaim na páistí ana chuid faoi ghnó a thosú agus a eagrú agus na deacrachtaí a bhaineann leis.